Thóg oifigigh custaim breis is 3.6 milliún toitín nach raibh aon dleacht íoctha orthu i gCalafort Bhaile Átha Cliath inné.
Áirítear luach miondíola de €3,628,800 a bheith ag na toitíní,rud a d'fhágfadh breis is €2,244,400 de chaillteanas don Stát.
Deirtear gur sa Laitvia a cuireadh an lastas mídhleathach seo i dtoll a chéile agus gur cuireadh ar aghaidh chuig ísiltír é sula dtáinig sé go hÉirinn.
Tá gardaí agus oifigigh custaim ag leanacht dá gcuid fiosraithe.